Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe a Chomóradh
Dáta: Dom 29th Ean, 2017 | 09:09
Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe a Chomóradh
“ Inniu, Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe, tugaimid chun cuimhne íospartaigh an Uileloiscthe Naitsíoch – na milliúin fear, bean agus páiste neamhurchóideach a ndearnadh géarleanúint orthu mar gheall ar a n-eitneachas, a míchumas, a gclaonadh gnéis, a gceangal polaitíochta nó a gcreideamh.
Ar an lá seo, stadaimid agus cuimhnimid ar na hainghníomhartha a rinneadh le linn na tréimhse ama gearr sin i lár an 20ú haois, agus sinn ag cuimhneamh ar an uafás barbartha a rinneadh ar na milliúin duine faoi réimeas a tógadh ar an bhfaitíos, ar an bhfuath, ar an réamhchlaonadh agus ar an gcruálacht chlaochlaitheach.
Agus sinn ag cuimhneamh, iarraimid ar a chéile aird a thabhairt ar an líon beag glórtha cumhachtach atá ag trá go tapa a d’fhulaing an tUileloscadh go pearsanta agus a mhair ina dhiaidh. Glórtha a impíonn orainn gan dearmad a dhéanamh go brách, agus na ceachtanna a mhúineann an stair dúinn a fhoghlaim.
Molann cuimhneamh ar an Uileloscadh ceacht tábhachtach dúinn ar féidir linn go léir eagna a bhaint as: cuimhneamh ní hamháin gur féidir le daoine, ach iad a bheith spreagtha ag uamhan agus ag réamhchlaonadh nimhneach, tabhairt faoi chruálacht dhochreidte, ach freisin go gcaithimid a bheith ar an airdeall agus an misneach a bheith againn cur i gcoinne reitric na scaollmhaireachta agus an fhuatha.
Inniu, tiomnaímis an athuair do luachanna ríthábhachtacha na cuibhiúlachta, an chomhionannais, an cheartais, na caonfhulaingthe agus an ómóis maidir lenár ndifríochtaí agus ár leochaileacht. Agus tiomnaímis an athuair don troid in aghaidh pholaitíocht an uamhain agus an fhuatha, de gach aon sórt.”
