Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn – an Dr. Edward Daly, Easpag Emeritus Dhoire
Dáta: Lua 8 Lún, 2016 | 15:19
Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn – an Dr. Edward Daly, Easpag Emeritus Dhoire
"Is le dobrón a chuala mé faoi bhás an Dr. Edward Daly, Easpag Emeritus Dhoire.
Beidh cuimhne ag go leor daoine ar Edward Daly mar gheall ar a ghníomhartha síochánta, truachroíocha, daonchairdiúla agus misniúla le linn imeachtaí uafásacha Dhomhnach na Fola. Ní raibh ansin ach cuid amháin den chion a rinne sé agus seirbhís á tabhairt aige do shaoránaigh Dhoire; thug sé ceannaireacht freisin i mbun tascanna athnuachana agus d’oibrigh sé le gluaiseacht na hospíse níos deireanaí ina shaol.
Léirigh sé a chomhbhá le saol na ndaoine a ndearna sé freastal orthu le díograis phraiticiúil agus mhisniúil."
