Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Sam Nolan

Dáta: Lua 15th Aib, 2024 | 18:08

"Nuair a cailleadh Sam Nolan, chaill Gluaiseacht na gCeardchumann, an Ghluaiseacht Lucht Oibre agus An Eite Chlé ina iomláine figiúr mór le rá a raibh ról lárnach aige in iliomad feachtas le 70 bliain anuas. 

Anuas ar a ghníomhachas polaitiúil, bhí saineolas suntasach agus spéis ag Sam Nolan i stair íobairt na n-oibrithe agus sna constaicí éagsúla a bhí sa mhullach orthu.  

Cuimhneoidh mé i gcónaí ar cé chomh léannta is a bhí Sam ar stair an tsóisialachais. Déantar cur síos i leabhar Brian Kenny ‘A Long March on the Left’, ar shaol Sam agus go raibh an-chur amach aige ar shaothair James Joyce, ‘Labour in Irish History’agus ‘Labour, Nationality and Religion’ faoin am go raibh sé déanach sna déaga. Chomh maith lena chumas léinn, áfach, ní raibh sé i bhfad ón ngníomhachas praiticiúil. 

Bhí Sam Nolan ar thús cadhnaíochta sna troideanna is tábhachtaí dá shaolré, cuir i gcás iarmhairtí na dífhostaíochta sna 1950í, bua sheachtain 40 uair an chloig oibre sna 1960í, agus aitheantas na gCeardchumann, feachtas in aghaidh na cinedheighilte, agus cearta daonna agus daonlathacha a bhaint amach do mhná agus d’fhir ar fud na cruinne.  

Sna 1950í, agus i mblianta déanacha eile, ní raibh turas éasca i ndán do Sam Nolan agus é ag troid ar son na gceart riachtanach, le doicheall tréan roimhe in amanna. 

Cuimhneofar go ceanúil air as saol caite i mbun gníomhachais agus abhcóideachta, dá chuid oibre i gComhairle Réigiúnach Átha Cliath de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, ar Choiste Gníomhaíochta Átha Cliath i leith Tithíochta, ar Chomhairle Ceardchumann Bhaile Átha Cliath, in Aontas na gCeardchumann Tógála agus na dTeicneoirí, ar an mBinse Achomhairc Fostaíochta, i gComhpháirtíocht Fhionnglaise agus an Chabrach, chomh maith le lear mór róil eile nach iad. 

D’fhág Sam Nolan lorg polaitiúil eiseamláireach ina chuid oibre le Páirtí Cumannaigh na hÉireann agus ina dhiaidh sin, i bPáirtí an Lucht Oibre, dhá pháirtí a raibh meas air mar chomhghuaillí dílis, seasmhach iontu.

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le céile Sam, Helena Sheehan, lena chlann Brent, Mark, Conor, Paula agus Aileen, agus lena theaghlach ar fad, lena chairde, a chomhghleacaithe agus a chomrádaithe i ngluaiseacht na gceardchumann agus níos faide i gcéin."