Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi bhás Sally O’Neill Sanchez

Dáta: Lua 8th Aib, 2019 | 15:42

Táim croíbhriste tar éis scéala a fháil faoi bhás mo chara Sally O’Neill Sanchez agus triúr dá cuid comhghleacaithe, agus beidh brón mór orthu siúd go léir a raibh aithne acu orthu agus a raibh eolas acu ar obair ar leith Sally ar son chearta an duine agus ar a freagairt dhomhanda ar an mbochtaineacht.

Chuaigh sí i mbun oibre le Trócaire in 1978 mar ar thuill sí clú ar feadh dhá scór bliain de bharr a tiomantas do dhínit agus d’ionannas dúchasach gach aon duine dhaonna, inar chreid sí gan staonadh. Mar gheall ar a cuid oibre bhí sí ar an líne thosaigh le linn chuid de na géarchéimeanna daonnúlacha domhanda.  

Ba phribhléid a bhí ann aithne a bheith ag duine ar Sally O’Neill Sanchez. Léirigh sí ardéirim, comhbhá agus misneach gan teorainn ina caidreamh leis na bochtáin, na daoine faoi chois agus na daoine curtha as seilbh i gceantair choimhlinte, chruatain agus fulaingthe.   

Ba cheannródaíoch a hobair luath i Meiriceá Láir. Tar éis di a bheith i mbun aistriúcháin do Oscar Romero ach sé seachtaine sular dúnmharaíodh é, chuaigh sí i gcaidreamh leo siúd go léir a bhí ag fulaingt sa tSalbhadóir, i Hondúras agus i nGuatamala.

Bhí mé in éineacht léi sa tSalbhadóir in 1982 nuair a tháinig an scéala faoi shléacht na saoránach in El Mozote. Blianta fada ina dhiaidh sin nuair a thug mé cuairt ar Mheiriceá Láir mar Uachtarán na hÉireann i mí Dheireadh Fómhair 2013 bhí sí i láthair nuair a chuala sí gur aithníodh an sléacht, a séanadh ar feadh i bhfad, mar chinedhíothú. Bhí sí sásta gur cuimhníodh ar ainmneacha na marbh agus gur bhuail sí le gaolta na ndaoine a maraíodh.  

Chonaic mé a cuid oibre le linn an ghorta sa tSomáil le mo shúile cinn. Bhunaigh sí clár Thrócaire in Gédo. Deich mbliana roimhe sin d’oibrigh sí san Aetóip le linn an ghorta.   

Thuig Sally an tábhacht a bhain le cabhair inláimhsithe agus comhbhá phraiticiúil  a chomhcheangal le réiteach fadtéarmach ar bhunchúiseanna na bochtaineachta, an imeallaithe agus an leatroim. Trína cuid oibre chumasaigh sí an iliomad daoine agus bhí sí diongbháilte ag impí orthu siúd a raibh an cumhacht acu a dtionchar a imirt ar na beartais agus ar an bpolaitíocht a chuir isteach ar na daoine ba leochailí.  

Leis an ngairmiúlacht, an éascaíocht agus an deimhneacht chéanna lenar thug sí toscairí polaiteoirí agus easpaig chun fulaingt na bpobal imeallaithe ar fud Mheiriceá Láir a fheiceáil dóibh féin, bhí sí ábalta iad siúd nach raibh glór acu roimhe sin a thabhairt chuig hallaí na cumhachta ag comhdhálacha idirnáisiúnta.  

Bhí sé de phribhléid agam í a bheith agam mar chara agus ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an treoir agus ar an gcabhair iontach a thug sí ar an iliomad ócáid agus san iliomad áit.

Gabhaim buíochas léi as a cuid oibre, mar bhall den Phainéal Ardleibhéil i dtaca le Gradam Scothsheirbhíse an Uachtaráin do na hÉireannaigh thar lear.

Aireoidh daoine go leor uathu í, go háirithe a clann, grúpa mór a cairde agus a hiar-chomhghleacaithe i dTrócaire.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl do theaghlaigh na gceathrar a maraíodh agus go háirithe d’fhear chéile Sally, Roger, agus a gclann, Roger, Rhona agus Xiao, agus dóibh siúd go léir a raibh aithne acu uirthi.