Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Rónán Mac Aodha Bhuí

Dáta: Mái 19th Meá, 2023 | 23:41

“Údar mór bróin dom a chloisteáil faoi bhás an chraoltóra aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Tír Chonaill in aois 53 bliain, fear a raibh ardaithne air i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge fud fad na tíre. Ba le RTÉ Raidió na Gaeltachta is mó a luaitear Rónán ach ba chraoltóir ildánach é i réimse na teilifíse freisin agus chuir sé i láthair cláracha ar sheirbhísí RTÉ agus TG4.

Bhí beocht agus spleodar thar na bearta ag baint leis mar chraoltóir agus tugadh aitheantas dó dá bharr sin le duaiseanna agus gradaim éagsúla in imeacht na mblianta.

Bhí suim ar leith aige i dtallann nua ceoil a aithint agus tacaíocht a thabhairt do ghlúin nua de bhannaí ceoil agus de cheoltóirí aonair. Bhí sé ina bhunaitheoir ar fhéilte ceoil agus ar An Cabaret Craiceáilte agus ba é a bhain sásamh as a bheith i lár an aonaigh ag cur seónna bríomhara i láthair an phobail.

Ach bhí cumas eile ann freisin – agallaimh mheáite thomhaiste a dhéanamh ar ábhair ghoilliúnacha le daoine leochaileacha.

Bhí fáilte chroíúil roimhe i gcónaí in aon áit a mbeadh pobal na Gaeilge cruinnithe: ar Thoraigh, in Iarthar Bhéal Feirste, ag féile an Oireachtais nó in iliomad áiteanna eile.

I mbeagán focal, ba laoch i measc na nGael é.

Comhartha ar an mórmheas a bhí air gur bailíodh os cionn €170,000 go deonach le cabhrú leis tairbhe a bhaint as triallacha nua in aghaidh na hailse sa Spáinn agus i Meiriceá le tamall anuas ach ní raibh biseach i ndán dó. Trócaire air.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile Bernie, dá n-iníon Fionnuala, dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, dá chairde, dá chomhghleacaithe agus don phobal sin a raibh grá a chroí aige dóibh.”