Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás an Uachtaráin Jimmy Carter
Dáta: Dom 29th Nol, 2024 | 21:57
“Na luachanna a luaitear le hiar-Uachtarán na Stát Aontaithe, Jimmy Carter, ag daoine ar fud an domhain agus ag na glúine níos óige ach go háirithe, luaitear iad mar gheall ar an gcur amach agus an meas atá acu ar obair an Ionaid Carter. D’fhéadfá a mhaíomh áfach go raibh tionchar ag na luachanna sin ar a shaol ar fad.
Beidh cuimhne ar an Uachtarán Carter mar fhear a raibh prionsabail láidre aige a thug a shaol leis an síochán a chur chun cinn ar fud an domhain. D'fhéach sé le gach bac ar an tsíocháin a thuiscint.
Bhí Jimmy Carter ar an 39ú Uachtarán ar na Stáit Aontaithe le linn tréimhse suntasaí agus dúshlánaí i stair na tíre sin.
Rud eisceachtúil go leor d'iar-Uachtarán, seans gurb í an oidhreacht ba mhó a d'fhág sé againn ná an sár-obair a rinne sé ar son chearta an duine agus a thiomantas do na cearta sin sna blianta i ndiaidh a Uachtaránachta. Tugadh aitheantas idirnáisiúnta don oidhreacht sin in 2002 nuair a bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Jimmy Carter; ba é seo an chéad uair a bronnadh an duais sin ar Uachtarán tar éis dó scor den oifig.
An obair a rinne sé leis an Ionad Carter, a raibh cáil air go luath mar gheall ar an mbealach ionraic a rinneadh na misin bhreathnóireachta toghcháin, agus a chuid oibre mar dhuine den dream a bhunaigh 'The Elders', agus mar údar bisiúil nár staon a lámh go dtí le gairid, rinneadh an méid sin go léir i gcónaí mar thuar dóchais. Bhí guth seasta na normatachta, an tábhacht a bhaineann le hacmhainní an athmhuintearais a úsáid, agus an tsíocháin agus an t-idirphlé a chur chun cinn le brath go láidir ar bheartas poiblí an Uachtaráin Carter.
Rinneadh an obair seo, sa saol poiblí, sa bhreis ar an obair dheonach a rinne sé le carthanais ar nós Habitat for Humanity agus tús áite tugtha aige do luach na hoibre don phobal. Thug sé tacaíocht chomhsheasmhach dóibh siúd a bhí ag iarraidh domhan níos fearr agus níos córa a thógáil, chabhraigh sé le rochtain níos fearr ar chúram sláinte a sholáthar do go leor de na daoine is leochailí ar fud an domhain, is tharraing aird ar mhí-úsáid chearta an duine cibé áit a chonaic sé í .
Ní féidir liom smaoineamh ar duine ar bith eile a gcuirfí déistin níos mó air mar gheall ar na híomhánna ar scáileáin teilifíse ar fud an domhain de pháistí beaga, cúpla seachtain d'aois nó níos óige, á n-adhlacadh tar éis dóibh bás a fháil de bharr hipiteirme, a máithreacha faoi ghannchothú agus an ospidéal deireannach a bhí ag feidhmiú leagtha chun talaimh.
Bhí sé de phribhléid agam bualadh leis an Uachtarán Carter cúpla uair in Éirinn, i Meiriceá Láir agus san Afraic. Cuimhneoidh mé ach go háirithe, mar Uachtarán, mar a dhéanfaidh muidne Gaeil go léir sa bhaile nó thar lear, an beart suntasach a rinne an Uachtaráin Carter in 1977 maidir le haitheantas a thabhairt don ról a d’fhéadfadh a bheith ag na Stáit Aontaithe maidir le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí chun an síochán a bhaint amach i dTuaisceart Éireann. Tá a fhios agam ó bheith ag labhairt leis an Uachtarán Carter, go raibh spéis aige i gcónaí san ábhar seo fiú tar éis dó scor den oifig. Go deimhin, chuir sé an cheist sin i dtábhacht le linn a chuairte ar Áras an Uachtaráin in 1995 nuair a bhuail sé leis an Uachtarán Mary Robinson.
Cuimhneofar freisin ar Uachtaránacht Jimmy Carter as a chuid iarrachtaí an síocháin a chur chun cinn trí Chomhaontuithe Camp David in 1978, as an gconradh SALT II leis an Aontas Sóivéadach a thabhairt i gcrích, agus as caidreamh taidhleoireachta a bhunú idir na Stáit Aontaithe agus Daon-Phoblacht na Síne. Bhí an beartas eachtrach aige bunaithe ar rialacha, beartas lenar tugadh droim láimhe don teoiric shuarach atá dírithe ar leasanna amháin.
“Fear uasal ionraic“ an cháil a bhí air i measc luch a aitheantais agus tá oidhreacht shaibhir sa tseirbhís phoiblí fágtha aige dúinn.
Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do mhuintir an Uachtaráin Carter, don Uachtarán Joe Biden, do mhuintir na Stát Aontaithe, agus dá chomhghleacaithe agus cairde ar fud na cruinne.
Ar dheis Dé go raibh a anam dhílis.”