Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás an Phápa Proinsias

Dáta: Lua 21st Aib, 2025 | 09:43

Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl tar éis bhás an Phápa Proinsias, mar atá déanta go dtí seo ag daoine den uile chreideamh, chúlra agus aicme fud fad na cruinne.  

Léirigh an Pápa Proinsias, trína theachtaireachtaí tábhachtacha agus i gcur i láthair a Phápachta, ar bhealach suntasach agus corraitheach, an tábhacht urghnách a bhaineann leis an spioradáltacht mar fhoinse chumhachtach eitic dhomhanda i bhfianaise dhúshláin na linne. 

Ar shaincheisteanna ríthábhachtacha ár linne – cuir i gcás an t-ocras agus an bhochtaineacht dhomhanda, athrú aeráide, an ceartas, cruachás na n-imirceach, na bpobal dúchasach agus na ndaoine díshealbhaithe, chomh maith leis an riachtanas bunúsach atá ann maidir le síocháin agus taidhleoireacht dhomhanda – thagair an Pápa Proinsias i ngach ábhar don daonnacht chomhroinnte a léirítear trí dhínit a thabhairt don uile duine.

Mar shampla, in Laudato Si’, imlitir an Phápa Proinsias in 2015, d’iarr sé orainn ar fad aghaidh a thabhairt ar an ngarbhaol ar ár mbaile comhroinnte, agus d’impigh sé orainn glacadh leis an dúshlán chun teaghlach an chine daonna a thabhairt le chéile ar mhaithe le slí mhaireachtála inbhuanaithe a lorg.

Ábhair is ea iad seo a raibh de phribhléid agam plé a dhéanamh orthu leis an bPápa Proinsias i ngach aon cheann dár gcúig chruinniú le linn sheal a Phápachta. 

Ba in 2018 a thug an Pápa Proinsias a chuairt dheireanach ar Éirinn mar chuid de Chruinniú Domhanda na dTeaghlach. Bhí an-áthas orm an uair sin fáilte a chur roimh an bPápa Proinsias go hÁras an Uachtaráin, áit ar leanamar leis an bplé a thosaíomar nuair a Insealbhaíodh é in 2013, agus nuair a chasamar arís sa Vatacáin in 2017, ina dhiaidh sin leanamar leis an gcur agus cúiteamh in 2021 agus 2023 arís. Bhí mé féin agus Saidhbhín an-tógtha le láíocht an Phápa Proinsias agus leis an spreagadh a thug sé. 

Le linn a chuairte ar Éirinn, labhair an Pápa Proinsias faoin scannal a bhain le mí-úsáid leanaí, san Eaglais san áireamh, agus ar na hiarmhairtí tromchúiseacha d’íospartaigh agus dá dteaghlaigh. Ar chúrsaí den sórt sin, agus ar chúrsaí eile, amhail am dearcadh i leith na mban agus dearcadh an phobail LADTA+ laistigh den Eaglais, rinne an Pápa Proinsias iarracht ról dearfach a ghlacadh. Is cuimhin liom ag deireadh ár gcruinnithe go ndéarfadh sé faoina chuid oibre ar cheisteanna den sórt sin, ‘go bhfuil sé an-deacair’, agus d’iarr sé agus d’ofráil sé paidreacha. Tá sé tábhachtach go dtógfar ar na céimeanna a ghlac sé mar is foinse dóchais iad sna blianta amach romhainn.

Agus ómós á thabhairt againn d’oidhreacht an Phápa Proinsias, déanaimis ar fad machnamh ar an gcur chuige eiticiúil atá riachtanach chun dul i ngleic leis na saincheisteanna ríthábhachtacha iomadúla, lena n-áirítear an baol tromchúiseach a bhaineann leis an méid ar thug sé ‘domhandú na neamhshuime’ air, ar tharraing sé aird shealbhóirí oifige agus a bpobal air.

Bhí croíúlacht ag baint leis an bPápa Proinsias agus cuireadh ar ceal aon achar idir é féin agus na daoine a raibh baint aige leo. Agus mé ag machnamh ar a Phápacht, smaoiním ar bhriathra an Phápa Proinsias féin ina imlitir Fratelli Tutti maidir le Proinsias Assisi, a roghnaigh sé a ainm ina dhiaidh:

"Mhothaigh Proinsias gur deartháir don ghrian, don fharraige agus don ghaoth ab ea é, ach bhí a fhios aige go raibh sé níos gaire fós do na daoine dá chuid féin. Pé áit a ndeachaigh sé, chuir sé síolta na síochána agus shiúil sé taobh leis na boicht, na tréigthe, na hothair agus na n-easlán, an dream ba lú dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha."

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh leis an Aspalda Nuncio, leis an Ardeaspag Eamon Martin, le muintir an Chreidimh in Éirinn, agus le baill an Chreidimh Chaitlicigh in Éirinn agus thart timpeall na cruinne. Smaoiním go sonrach ar mhuintir a fhóid dhúchais, an Airgintín, Meiriceá Theas agus Láir, a aireoidh uathu go mór é. Beidh cumha chomh maith ar chreidmhigh agus ar dhíchreidmhigh ar aon, a bhain sólás agus spreagadh as a shaol agus as a shaothar.