Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Pat Ingoldsby

Dáta: Sat 1st Már, 2025 | 16:03

"Táim chun neamhaird a dhéanamh de chomhairle dhán Pat Ingoldsby, ‘A Message for When I’m Gone’, agus an t-aitheantas cuí a thabhairt dó ar son na nglúnta gasúr agus daoine fásta a ndeachaigh sé i gcion go mór orthu. Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach é a aithint as an bhfilíocht, an greann agus an véarsaíocht a chur ina láthair den chéad uair. 

Bhí lorg Pat Ingoldsby leithleach, uathúil agus cuimsitheach go smior.

Beidh cuimhne ar leith ag go leor daoine bualadh le Pat ar Shráid Westmoreland i gCathair Bhaile Átha Cliath agus plé a dhéanamh ar a saothar. 

Mairfidh Pat go deo i gcuimhne na ndaoine a bhain taitneamh as a chuid filíochta, drámaíochta agus ealaíne.

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le muintir agus le cairde Pat, chomh maith leo siúd ar fad a bhain sult agus sólás as a shaothar."