Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Martti Ahtisaari

Dáta: Lua 16th Dei, 2023 | 17:45

"Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh leo siúd go léir a bhfuil a mbrón curtha in iúl tar éis dóibh a fhoghlaim gur bhásaigh Iar-Uachtarán na Fionlainne Martti Ahtisaari.
 
Bhí ionchur aige nach raibh teoranta dá thír dhúchais, ach a cuireadh ar fáil don domhan uile. Bhí baint an-mhór aige i mbunú stát na Namaibe agus lean sé lena iarrachtaí an tsíocháin a bhaint amach sa Chosaiv, sa Chipir, in Aceh agus in Éirinn, ar ndóigh.
 
Chaith Martti a shaol le cúis na síochána. Rud a bhí tábhachtach gur thuig sé nach féidir an tsíocháin a bhaint amach ach dúil a bheith agat leis, ach is rud é nach féidir a bhaint amach ach trí phróiseas na rannpháirtíochta agus na hidirbheartaíochta agus trí thiomantas roinnte ar gach taobh do thodhchaí roinnte níos fearr maidir leo siúd a bhí i gcoimhlint a thógáil. Ba rud é a bhí tábhachtach ar chreid sé gurbh fhéidir é a bhaint amach maidir le gach coimhlint. 
 
Beimid faoi chomaoin ag Martti as an ról tábhachtach a bhí aige mar chigire arm ag am ríthábhachtach i bpróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann sna blianta a lean síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
 
B'aitheantas don ról ríthábhachtach a bhí ag Martti Ahtisaari i réiteach an iliomad coimhlintí ar fud an domhain bronnadh Dhuais Nobel na Síochána air in 2008 agus é tuillte go maith aige. Cinnteofar go leanfaidh an Tionscnamh Bainistíochta Géarchéime a bhunaigh sé mar chuid dá oidhreacht, is é sin síocháin a dhéanamh sna blianta amach romhainn.
 
Ba chara mhór liom Martii agus bhí sé d'áthas orm bualadh leis ar an iliomad ócáidí thar na scórtha bliain. An t-am is deireanaí a bhuail mé le Martti, ba in Áras an Uachtaráin in 2017 a bhí sé agus bhí se de phribhléid agam fáilte a chur roimhe chuig an Áras mar chomhalta de Ghrúpa na Seanóirí in 2013.
 
Inár gcomhráite bhí dóchas i gcónaí i nglór Martti, glór a chruthaigh nárbh í an chogaíocht an réiteach ar choimhlintí agus go mbíonn bealach ann i gcónaí an tsíocháin a aimsiú. Aireofar go mór uainn é.
 
Ar mo shon féin agus ar son Shaidhbhín, ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh le muintir Martti, lena chairde agus lena chomhghleacaithe ar fud na cruinne.”