Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi bhás John McCain

Dáta: Domh 26 Lún, 2018 | 13:01

Beidh cathú ar bhaill na bpobal Éireannach sna Stáit Aontaithe agus iad ag cloisint faoi bhás an tSeanadóra John McCain as Arizona, tar éis cath misiniúil in aghaidh na hailse. Cuimhneoidh siad ar a chuid iarrachtaí, i dteannta an tSeanadóra Edward (Ted) Kennedy, nach maireann, agus daoine eile, réiteach a fháil ar staid na n-inimirceach gan stádas, na hÉireannaigh ina measc, sna Stáit Aontaithe.

Ba cheart, freisin, aitheantas a thabhairt dá thiomantas don dépháirteachas maidir le roinnt ceisteanna, agus go háirithe dá chuid iarrachtaí a bheith i láthair agus vótáil ríthábhachtach á déanamh i Seanad na Stát Aontaithe le linn dó a bheith an-bhreoite.

Ar son mhuintir na hÉireann, cuirim mo chomhbhrón in iúl dá bhean chéile agus dá chlann.