Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Ethna Viney

Dáta: Sat 27th Aib, 2024 | 14:21

Tá sé ráite ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn go raibh an-bhrón air scéala báis Ethna Viney a chloisteáil chomh sciobtha sin tar éis bhás a céile saoil, Michael Viney.

“Cailliúint mhór do shaol na hÉireann is ea Ethna, nádúraí, feimineach agus iriseoir den chéad scoth.

Choimisiúnaigh Ethna trí airteagal uaim do Technology Ireland, ar pholasaí réigiúnach in Éirinn. 

Mar nuálaí cumasach, bhí sí ar cheann de na chéad daoine a scríobh ar nasc idir an eolaíocht agus an teicneolaíocht, agus a dtionchar ar Éirinn. Thar gach ní eile, áfach, ba dhuine lách ab ea í a raibh ardmheas aici ar an nádúr. 

Léiríodh tiomantas Ethna don nádúr arís agus arís eile ina gcuid saothar, agus í ag leagadh cosán nua le spreagadh agus le misneach a thabhairt don chéad ghlúin eile. Leanfar leis seo ina héagmais.

Déanaim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a roinnt lena hiníon, Michelle, agus lena muintir agus a cairde ar fad.”