Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Bride Rosney

Dáta: hAo 22nd Meá, 2023 | 17:54

"Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom teacht i gcomhar le teaghlach, cairde agus comhghleacaithe Bride Rosney agus mo bhrón a chur in iúl tar éis scéala a báis thobann.
 
Le linn a gairme ar fad bhí an-cháil ar Bride mar ghníomhaí cróga a bhí tiomanta an tsochaí a fheabhsú, in Éirinn agus ar fud na cruinne. 
 
Agus í ina Comhairleoir Speisialta do mo réamhtheachtaí mar Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, in Áras an Uachtaráin agus ina n-obair leanúnach le chéile in Oifig Ard-Choimisiún na Náisiún Aontaithe do Chearta Daonna agus i bhFondúireacht Mary Robinson, ghlac Bride Rosney ról lárnach i bhforbairt phoitéansal Oifig Uachtarán na hÉireann agus i dtóraíocht cearta daonna agus ceartas aeráide ar bhonn domhanda. 

Cuimhneofar ar Bride as a hobair thábhachtach ar an oideachas, an chraoltóireacht seirbhís phoiblí, an tseirbhís phoiblí i gcoitinne agus le go leor eagraíochtaí eile, chomh maith le cúiseanna eile ar roinn sí a saineolas fúthu. 
 
Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena páirtí Peter, a deirfiúr Mary, a deartháir Michael agus a teaghlach i gcoitinne, chomh maith lena cara agus a comhghleacaí dílis Mary Robinson, agus lena grúpa mór cairde."