Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Alexei Navalny
Dáta: hAo 16th Fea, 2024 | 21:01
"Cuid lárnach den daonlathas, agus de chóras freagrach ar bith, is ea an tsaoirse tuairimí easaontacha a chur i láthair, bíodh siad ar struchtúr nó ar riarachán na sochaí. Tháinig príosúnacht
Alexei Navalny salach air seo.
Tá sé tábhachtach go mbeidís ar fad a chreideann sna prionsabail seo curtha ar an eolas faoi na fíricí maidir le bás Alexei Navalny."