Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn ar chomóradh 30 bliain de bhuamáil Bhóthar na Seanchille

Dáta: Lua 23rd Dei, 2023 | 16:58

Agus a dteaghlaigh agus a ngaolta ag meabhrú ar a ngaolta a tógadh go cruálach uathu, táimid ag smaoineamh freisin ar theaghlaigh agus ar phobail na ndaoine a dúnmharaíodh 30 bliain ó shin inniu i mbuamáil Bhóthar na Seanchille.

Trína misneach, a n-athléimneacht agus a mbrón cuireann siad i gcuimhne dúinn gur féidir an tsíocháin a bhaint amach, cé gur deacair í a choinneáil, fiú ó na cúinsí is déine.