Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta 2023

Dáta: Mái 17th Dei, 2023 | 08:07

"Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom gach beannacht a ghuí orthu siúd atá ag glacadh páirte i Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú na Bochtaineachta. 
 
Téama oiriúnach is ea téama na bliana seo ‘Let Dignity be Our Compass’. Faoin teideal seo a dhéanfar anailís ar cén chaoi is fearr an dínit a lonnú ag croílár na gcinntí náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cearta daonna agus dlí shóisialta.

Is í an dínit bunchloch cearta daonna agus dlí. 

Is líne threorach do chách í agus muid ag siúl an chosáin i dtreo domhan atá saor ón mbochtaineacht, ón éagothroime agus ón bhfulaingt.

Tá sé de dhualgas orainn ar fad a chinntiú go bhfuil gach polasaí, gach feachtas agus gan gníomh fréamhaithe sa mheas ar an dínit agus luach an uile duine. 
 
Sa domhan seo, a bhfuil an bochtaineacht leanúnach ann, tá sé ríthábhachtach go ndearbhaímid arís ár dtiomantas deireadh a chur leis – ní mar ghníomh carthanachta, ach mar ábhar dlí agus cearta daonna. Caithfimid iarmhairtí na bochtaineachta ar an duine daonna a aithint – ina measc sciobadh chearta bunúsach na ndaoine uathu, chomh maith lena ndínit. Níor chóir go mbeadh duine ar bith ag fulaingt de bharr mhídhínit na bochtaineachta.
 
Tá go leor obair phráinneach de dhíth. Léiríodh i dTuarascáil … le déanaí gur beag nó neamhshuntasach an rath atá déanta ar os cionn 50% de spriocanna, le 30% acu curtha ar fionraí nó ag dul in olcas, le cúrsaí bochtaineachta, easpa bia agus ocras san áireamh. Tá sé ríthábhachtach go mbailíomar agus go n-oibríomar lena chéile, agus go ndéanaimid gach iarracht na Spriocanna seo a bhaint amach do thodhchaí níos fearr agus níos cothroime do chách. 
 
Ní mór dúinn tabhairt faoi na éagothroime córais a chothaíonn an bhochtaineacht. Caithfimid teacht le chéile agus scriosadh a dhéanamh ar na constaicí córasacha a chuireann leis an éagothroime agus an éagóir.

Caithfimid a bheith airdeallach freisin ar na hiarmhairtí diúltacha atá ag go leor polasaithe atá sa domhan 'forbartha', mar a thugtar air, ar leibhéil na bochtaineachta i nDeisceart an Domhain. Tá athruithe móra de dhíth gan mhoill, ina measc bogadh i dtreo paraidím atá cóir, inbhuanaithe agus cuimsitheach. 
 
Inniu, agus muid ag comóradh Lá Idirnáisiúnta …. Ardóimis ár n-iarrachtaí, ar bhonn náisiúnta agus domhanda, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht ar gach bealach. Seasaimis le chéile, mar chomhphobal domhanda, leis an dínit a chinntiú do chách, agus go mbeadh sé ag croílár todhchaí chomhroinnte atá daonlathach agus, eiticiúil.
 
.
Is mian liom comhghairdeachas a dhéanamh leo siúd ar fad inniu, atá tar éis a nguthanna a tharraingt le chéile agus labhairt amach ar son na ndaoine is leochailí inár sochaí.
 
Go raibh míle maith agaibh go léir.”