Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn tar éis lámhach ag stad bus in Iarúsailéim

Dáta: Lua 8th Meá, 2025 | 17:33

“Is rud dochreidte, dothuigthe é marú seisear ag stad bus in Iarúsailéim agus is sampla eile é den chaoi nach bhfuil meas á thabhairt ar bheatha an duine.

Ní bheidh maitheas do chúis ar bith ag gníomhartha den sórt sin. Éilíonn an ceartas cur chuige a léiríonn meas ar shaol an duine.”