Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis cruinniú le Méara Londan Sadiq Khan 

Dáta: Déa 6th Nol, 2018 | 13:22

6 Nollaig 2018

 

Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu leis an Uasal Sadiq Khan, Méara Londan. 

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Mhéara Khan go hÉirinn agus ghabh sé buíochas leis thar ceann mhuintir na hÉireann agus go háirithe pobail na hÉireann i Londain, as obair an Mhéara i ndáil le ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i bpríomhchathair na Ríochta Aontaithe.

Phléigh an tUachtarán Ó hUigínn agus an Méara Khan réimse leathan ceisteanna a raibh suim acu beirt iontu, lena n-áirítear athrú aeráide, forbairt inbhuanaithe, tithíocht, iompar agus an Bhreatimeacht. 

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn a chomhbhrón agus a thacaíocht in iúl freisin do mhuintir Londan, a d’fhulaing de bharr roinnt ionsaí sceimhlitheoireachta le blianta beaga anuas, agus de bharr tragóid Túir Grenfell. 

Díríodh sna cainteanna freisin ar an tábhacht atá le comhoibriú gairid idir Baile Átha Cliath agus Londain. Leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an tábhacht a bhaineann le rath eacnamaíoch a nascadh le comhtháthú agus dlúthpháirtíocht sóisialta níos fearr, laistigh de thíortha agus idir tíortha.