Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar Lá Domhanda na nAigéan 2023

Dáta: Déa 8th Mei, 2023 | 16:47

"Ar Lá Domhanda na nAigéan seo, tá sé ríthábhachtach go ngeallaimid féin don ghníomh, le barántúlacht a thabhairt do agus le tógáil ar fhuinneamh an chomhaontaithe a rinneadh i Nua-Eabhrac, Comhaontú na mórmhara de chuid na NA.

Déanfar breithiúnas orainn as ár ngníomhaíochtaí, nach bhfuil le feiceáil i láthair na huaire. 

Tá Sprioc 14 na NA um Fhorbairt Inbhuanaithe tiomanta don chaomhnú agus d’úsáid inbhuanaithe na n-aigéan, na mara agus na n-acmhainní muirí ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. 

Is tasc lárnach é seo ó thaobh an beatha a chinntiú taobh istigh agus taobh amuigh dár n-aigéin. Tá feachtais úra, phráinneacha de dhíth. 

Staitistic déistineach is ea go bhfuil laghdú d’aon trian tagtha ar an mbeatha mhuirí, éisc san áireamh, ón mbliain 1970 i leith.

Chomh déistineach céanna is ea an fhíric go bhfaigheann 100 milliún ainmhithe mara bás gach bliain de bharr dramhaíl phlaisteach. 

Tá sé ríthábhachtach nach gcuirimid mar chomhphobal domhanda tuilleadh ama amú inár bhfreagraí agus go dtugaimid faoi na dúshláin seo le chéile. Ina measc laghdú na bithéagsúlachta, ró-iascaireacht, aigéadú, dramhaíl phlaisteach, truailliú agus scriosadh gnáthóg. 

Ní mór dúinn cuimhneamh freisin gurb iad acmhainní na n-aigéan a chothaíonn níos mó ná aon trian de dhaonra na cruinne, beagnach trí billiún daoine ar fud an domhain, an chuid is mó díobh ina gcónaí i dtíortha i mbéal forbartha. 

Is é an t-athrú aeráide is cúis le ardú leibhéal na farraige, ag cur daonra ar imeall cósta I mbaol. Is éagóir as cuimse í go bhfuil na tíortha is lú freagracht as an ngéarchéim aeráide, is mó atá ag íoc as."