Ráiteas ón Uachtarán Higgins ar an bhforéigean in Gaza
Dáta: Céa 19th Már, 2025 | 17:11
"Ní mór tromchúis an mhéid atá ag titim amach in Gaza anois - an oiread sin daoine caillte, lena n-áirítear mná agus leanaí - a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu.
Cruthaítear amhras faoi inchreidteacht na ndaoine sin a mhaíonn gur thacadóirí láidre don dlí idirnáisiúnta agus do ghníomhaíocht dhaonnúil iad, nuair a bheartaítear fanacht ina dtost agus an baol ann go gcaillfear dara céim an tsosa chogaidh sa choimhlint.
láidir acu a dtost a bhriseadh agus, mar a rinne Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Guterres agus daoine eile, achomharc a dhéanamh go n-urramófar an sos cogaidh, go n-athbhunófar cúnamh daonnúil gan bhac agus go scaoilfí saor gan choinníoll na gialla atá fágtha.
Níl na teaghlaigh Phalaistíneacha ar fad atá ag cur seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil i gcodanna éagsúla de shochaí na hÉireann ina n-aonar agus déistin orthu go leantar le léigear a mbaineann uisce, bia agus cógais riachtanacha ó dhaoine, mná agus leanaí san áireamh, agus gan cáineadh ar bith uathu siúd a mhaíonn go dtacaíonn siad le prionsabail dhaonnúla agus leis an dlí idirnáisiúnta.
Cháin Rialtas na hÉireann go láidir an foréigean athnuaite atá tarlaithe le cúpla lá anuas. Sna blianta atá amach romhainn, beidh na glúnta atá le teacht ag caitheamh súil siar ar an tréimhse seo agus ar an gcur chuige a fhágann faoi thíortha áirithe é, cosúil le hÉirinn, cáineadh a dhéanamh ar sháruithe idirnáisiúnta ar phrionsabail dhaonnúla agus ar an dlí idirnáisiúnta. Beidh na glúnta atá le teacht den tuairim, mar is ceart, go raibh an próiseas seo, tríd an gciúnas a cruthaíodh, comhpháirteach san uafáis.
Ní féidir é a fhágáil faoi institiúidí mar na Náisiúin Aontaithe agus na hEagraíochtaí Neamhrialtasacha (NGO) a bhfearg a chur in iúl faoi na sáruithe soiléire ar an dlí daonnúil agus ar chearta an duine. Tá freagracht orthu siúd go léir a bhfuil oifig thofa acu, ní hamháin a bheith ar an eolas faoi, ach trácht a dhéanamh, ar an bhfearg leanúnach a léirítear san ardú i gcaillteanas an bheatha shibhialtaigh agus an bhonneagair. Ar ndóigh is sárú soiléir leanúnach ar an dlí idirnáisiúnta é gialla a choinneáil agus ní mór iad a scaoileadh saor.”