Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar dhul ar scor an Bhráthar Kevin Crowley

Dáta: hAo 19th Lún, 2022 | 13:07

“Is mian liom an deis seo a thapú le gach beannacht a ghuí ar an mBráthair Kevin Crowley agus é ag dul ar scor inniu ó Ionad Lae an Chaipisínigh i mBaile Átha Cliath. 

Tar éis dó an t-ionad a bhunú i 1969, sholáthraigh an Bráthair Kevin seirbhís shárluachmhar trí bhia riachtanach agus chomhbhá a thabhairt dóibhsean inár bpríomhchathair is mó gá.

Labhair an Pápa Francis ar ‘chultúr na neamhshuime’ agus thug sé an dúshlán dúinn gan neamhaird a dhéanamh orthu siúd ar ár ndomhan atá ag streachailt. Tá an Bráthair Kevin, agus a chomhghleacaithe ar fad, ag tabhairt faoin dúshlán seo gach lá. 

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an mBráthair Kevin agus le foireann Ionad Lae an Chaipisínigh as an daonnacht agus an dínit a léirigh siad i gcónaí, agus as an obair phraiticiúil a dhéanann siad ó thaobh cearta comhionanna a bhaint amach dár gcomhshaoránaigh ar fad. Guím gach dea-ghuí ar an mBráthair Kevin don todhchaí agus ar fhilleadh chun a Chorcaigh dhúchasach dó."