Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar Thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách ar Óglaigh na hÉireann

Dáta: Aoi 31 Már, 2023 | 13:19

Mar Cheannasaí Uachtarach Óglaigh na hÉireann, léigh mé Tuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách le brón. Cuireadh déistin orm nuair a léigh mé faoin drochíde a rinneadh ar bhaill Óglaigh na hÉireann, tar éis do na fir agus na mná seo a saol a thabhairt agus seirbhís a dhéanamh ar son ár dtíre agus a oibrigh thar lear mar choimeádaithe síochánta.
 
Ba mhinic iad siúd a raibh ardchéim agus ardstádas acu, a ndearna drochíde ar na baill eile. Is nós é seo a bhí fite fuaite in eagraíocht chliarlathach.  
 
Ní raibh an méid a nochtadh sa tuarascáil seo ina comhtharluithe fánacha, tuarascáil a tháinig chun cinn de bharr mhisneach eiseamláireach na ndaoine a thug seirbhís dhílis dár dtír.

Deirtear go follasach sa Tuarascáil go bhfuil fadhb chórasach ann go fóill maidir le maistíneacht, ciapadh, leithcheal agus ciapadh gnéis in Óglaigh na hÉireann.
 
Caithfidh gurb í seo an bhuairt is mó atá againn, mar aon le baill Óglaigh na hÉireann a bhfuil sé mar sprioc acu seirbhís a thabhairt dá dtír, agus na daoine atá i mbun seirbhíse i gcóngar agus i gcéin faoi láthair. 
 
Is mian liom aitheantas ar leith a thabhairt d’ionchur na Mná Onóra, agus Na Fir agus Mná Onóra, dhá dhream a raibh sé de phléisiúr agam bualadh leo ag Áras an Uachtaráin, chomh maith le gach duine a thug na saincheisteanna seo chun solais trína scéalta pearsanta tromchúiseacha a roinnt, sa chóras athbhreithnithe seo agus taobh amuigh de. 

Tá an mhaistíneacht a luadh sa Suirbhé Tagarmharcála, a reáchtáladh in 2022, agus a bhfuil tagairt déanta di sa Tuarascáil, ar chuid den chuid is measa riamh.

Ina measc luaitear iompar a raibh féinmharú mar iarmhairt air, ionsaithe fisiciúla tromchúiseacha, ionsaithe gnéis, éigniú san áireamh, agus díriú gnéis ar bhaill nua, go háirithe ach ní hamháin, baill le linn a chéid bhliain i Scoil na nDaltaí. 
 
Gné nach bhfuil luaite sa Tuarascáil, ach a léiríodh go sonrach ina cinneadh, is ea an géarghá atá ann athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir oifigeach agus céimeanna liostála.

An ghné a aithnítear sa Tuarascáil ná ‘fadhb chórasach’, agus le tagairt dhíreach don téacs, “The class hierarchy was characterised as ‘the elite and the rest’ and ‘master and servant’, with all the snobbery, condescension and denigrating attitudes and behaviour that go with that”.
 
Tá na fadhbanna struchtúrtha seo lonnaithe i measc na gcéimithe a bhfuil taithí acu ar fhéidearthachtaí ardaithe céime agus ar an eisiamh.

Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar, nó moill a chur ar, ghníomhaíocht maidir le hathbhreithniú ná athsholáthar ar fhadhbanna struchtúrtha dá leithéid.
 
Tá croílár na tuarascála le haithint ina cur síos ar an leagan den ‘fearúlacht áibhéalach’, agus an tosaíocht a thugtaí do réimeas crua thar ‘caidrimh bhoga’. 

I bhfís bhall idéalach Óglaigh na hÉireann, tá ról tánaisteach ag an tuiscint ar chaidreamh daonna inti. Ní caidreamh daonna é seo, beag ná mór. 

Gan dabht, beidh tionchar ollmhór ag ábhar Thuarascáil an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách ar phróiseas na hearcaíochta, chomh maith le hiarrachtaí coinneála agus meanma. 
 
Táimid go mór faoi chomaoin ag Óglaigh na hÉireann, fir agus mná a rinne seirbhís ar ár son ar dhualgais síochánaíochta i limistéar coimhlinte. 

Tá mórtas mhuintir na hÉireann as 60 bliain de shíochánaíocht NA Óglaigh na hÉireann thar a bheith tábhachtach agus ní mór é a bheith lárnach san earcaíocht, chomh maith le coinneáil agus meanma na nÓglach.

Táim buartha nach raibh béim air seo i gcónaí ar ócáidí éagsúla.
 
Tá súil agam go mbeidh na daoine óga atá ag smaoineamh faoi ghairm bheatha in Óglaigh na hÉireann muiníneach as eagraíocht a ndéanfar athchóiriú uirthi.

Óna gcéad lá mar bhaill, go mbeidh béim leagtha ar dhílseacht agus meas mar phríomhthréithe na nÓglach.

Tuigim nach mar seo atá sé faoi láthair, agus an struchtúr curtha go hiomlán as riocht ag an gcliseadh córais agus struchtúr neamhchuimsitheach.
 
Caithfear é sin a athrú. Fáiltím roimh ghlacadh sciobtha agus iomláin an Rialtais ar mholtaí na tuarascála. Beidh an pobal ag súil anois go gcuirfear na moltaí seo i bhfeidhm ina n-iomláine agus gan mhoill. 


Ní féidir leanúint leis an iompar do-ghlactha, coiriúil seo. Tá súil agam go dtabharfaidh gach duine faoin dúshlán seo le fonn agus le flosc, chomh maith leis an bpráinn chuí atá de dhíth nuair a bhíonn tascanna múnlaithe inár Stát i gceist. 

Cuirim an méid seo ar fad in iúl i mo ról mar Cheannasaí Uachtarach Óglaigh na hÉireann.

Mar Uachtarán na hÉireann, áfach, tá an-imní orm nach mbaineann an teip institiúideach seo le hÓglaigh na hÉireann amháin, agus i go leor cásanna tá géarghá ceachtanna a fhoghlaim agus athruithe a dhéanamh, ní hamháin in Óglaigh na hÉireann, ach trasna ár sochaí ar fad agus laistigh de chuid mhór dár n-eagraíochtaí.
 
Caithfimid go léir tacú le gach iarracht athbhreithniú a dhéanamh a thabharfaidh próifíl daonna institiúideach, atá tógtha ar dínit agus ar mheas don leochaileacht agus don bharrfheabhas. Is í sin an fhíortheist ar éifeachtacht institiúideach.