Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi na tinte sa Ghréig
Dáta: Mái 24th Iúi, 2018 | 15:38
"Táim tar éis scríobh inniu chuig Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, A Shoilse, an tUasal Prokopis Pavlopoulos, chun mo chomhbhrón a chur in iúl do chlanna na ndaoine sin a bhásaigh agus a chaill a slí bheatha sna tinte tubaisteacha i réigiún Attica.
Tar éis mo thurais ar an nGréig agus mo chruinniú leis agus le hUachtaráin na hIodáile agus na Portaingéile, tá a fhios go maith agam go bhfuil teacht aniar i muintir na Gréige, ar cheart dúinn go léir cúnamh a thabhairt dóibh in am seo an ghátair.
Sa litir chuig an Uachtarán Pavlopoulos, rinne mé comhbhrón ó chroí leis agus chuir mé mo dhlúthpháirtíocht in iúl ar son mhuintir na hÉireann."