Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Vicky Phelan

Dáta: Lua 14th Sam, 2022 | 11:19

"Is faoi scamall bróin a chloisfidh daoine ar fud na hÉireann agus thar lear faoi bhás Vicky Phelan.
 
Chuaigh an neart cumhachtach inmheánach agus an dínit lenar thug sí a haghaidh ar a thinneas féin go mór i gcion orainn go léir a raibh sé mar phribhléid againn bualadh léi chomh maith lena tiomantas do leas an phobail agus do chearta daoine eile lena ndearna sí feachtasaíocht. 
 
Rinne Vicky cion mná ar son shochaí na hÉireann san obair sin uile. A bhuíochas lena hiarrachtaí pearsanta uafásacha gan staonadh in ainneoin an ualaigh arbh éigean di a iompar, tá cosaint tugtha agus tabharfar amach anseo, do shaol an iliomad ban.
 
Aireoidh siad siúd, ní hamháin na mná ach muintir na hÉireann trí chéile, a bhí go mór faoi gheasa ag a misneach agus a teacht aniar, go mór uathu í. 
 
Ar ndóigh is iad siúd ba ghaire di is mó a aireoidh uathu í. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do thuismitheoirí Vicky, Gaby agus Kohn, dá fhear céile Jim, dá chlann Amelia agus Darragh agus dá muintir agus dá cairde go léir.”