Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le bás Tras Honan

Dáta: Dom 26th Sam, 2023 | 18:27

"Mar Uachtarán na hÉireann, táim cinnte go mbeidh an-chuid daoine eile ann atá buaite leis an mbrón tar éis a fháil amach faoi bhás Tras Honan, iar-Chathaoirleach an tSeanaid. 

Bean bhródúil as Tiobraid Árann ab ea Tras Honan a bhris go leor bacainní i ngairm fhada oirirce, go háirithe mar an chéad bhean, agus an t-aon bhean amháin riamh, a toghadh ina Cathaoirleach ar an Seanad.

Tar éis di bogadh go hInis, thuill sí clú di féin sa tseirbhís phoiblí go tapa agus ba í an chéad bhean a toghadh ar Chomhairle Ceantair na hInse mar a bhí an uair sin – taifead den tseirbhís phoiblí a roinn sí lena fear céile Derry nach maireann agus lena hathair, TV Honan, chomh maith lena deirfiúr Carrie Acheson.

Tá an oiread sin daoine a d'fhóin san Oireachtas le blianta fada anuas arbh chara maith dil í Tras dóibh. Bhí meas mór tuillte aici ó na páirtithe go léir sa Seanad mar gheall ar a croí lách cáirdiúil, agus is mór dúinn, sinne a raibh aithne mhaith againn uirthi, na cuimhní sin atá againn di ag an am seo.

Déanaim mé féin agus Sabina ár gcomhbhrón ó chroí a ghabháil le mac Tras, TV, agus lena teaghlach, lena comhghleacaithe agus lena cairde go léir. Cronófar go mór í.

Suaimhneas síoraí da hanam.”