Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Tommie Gorman
Dáta: Mái 25th Mei, 2024 | 16:08
"Cuimhneofar go brách ar Tommie Gorman mar cheann de na craoltóirí seirbhíse poiblí ab fhearr lena linn.
Thar breis is 40 bliain agus é i mbun tuairisceoireachta do RTÉ, bhí an-mheas air mar thráchtaire dílis, cruinn san Iar-Thuaisceart, sa Bhruiséil agus níos tábhachtaí fós, i dTuaisceart Éireann, áit a raibh ról lárnach ag a thuairisceoireacht fheasach, eolach, i gcraobhscaoileadh na nuachta thar thréimhse scór bliain.
Le linn na tréimhse sin, bhí meas ag polaiteoirí de gach claonadh polaitíochta air agus bhí sé mar fhoinse stuama eolais don phobal le linn bhlianta corraitheacha chothú na síochána, agus gach eile a baineadh amach i gcúrsaí Angla-Éireannacha.
Ba dhuine tuisceanach é Tommie i gcónaí, agus trína chuid oibre flaithiúil le marthanóirí ailse, fágadh oidhreacht shuntasach ina dhiaidh a bhfaighidh, tá súil agam, a theaghlach agus a chairde sólás uaithi.
Trína thaithí phearsanta a roinnt, tharraing sé aird an phobail ar na tinnis éagsúla agus ar na féidearthachtaí leighis a ghabhann leo.
Thuig duine ar bith a raibh aithne acu ar Tommie go raibh sé ina leantóir dílis Shligigh agus Sligo Rovers go háirithe. Cibé Bit o’ Red nó Tottenham Hotspur a bhí faoi chaibidil aige, bhí Tommie i gcónaí chomh eolach ar na clubanna agus ar a gcuid cúrsaí.
Bhí cáil ar Tommie le linn a ghairme as a bheith ar an líne thosaigh i bhforbairtí nuachta agus cuimhneofar go sonrach air as an agallamh a rinne sé le Roy Keane tar éis dó Saipan a fhágáil, chomh maith lena agallamh le Seamus Heaney sa Ghréig tar éis an fhógra go raibh an Nobel Prize le bronnadh air.
Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le Ceara, bean chéile Tommie, lena chlann Moya agus Joe, lena theaghlach, a chomhghleacaithe agus a chairde go léir."