Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le bás Tom Hyland
Dáta: Mái 24th Nol, 2024 | 14:24
"Ba mhaith liom, mar a rinne go leor daoine eile sa Tíomór Thoir, in Éirinn agus níos faide i gcéin, mo bhrón a chur in iúl faoi bhás Tom Hyland.
Duine ar leith ab ea Tom Hyland a chinn, tar éis dó eolas a chur ar a bhí ag tarlú i bhfad ar shiúl ó Éirinn, beart a dhéanamh maidir le saincheist daonnachta nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh di.
Thiomáin Tom Hyland an Feachtas Dlúthpháirtíochta Éire Tíomór Thoir (ETISC), agus ar an gcaoi sin chuir sé go mór leis an troid ar son an neamhspleáchais agus le bunú Phoblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir.
Tar éis dó breathnú ar an gclár faisnéise teilifíse "Cold Blood: The Massacre of East Timor" le John Pilger, chuaigh Tom i mbun oibre chun an scéal a chur in iúl ní hamháin do phobal na hÉireann, ach do phobal an domhain.
Le linn a shosanna agus é ag obair mar thiomnánaí bus, théadh sé i dteagmháil le daoine a d’fhéadfadh cuidiú maidir le aird a tharraingt ar throid mhuintir Thíomóir Thoir.
Is cuimhin liom go ndeachaigh Tom i dteagmháil liom nuair a bunaíodh an Feachtas Dlúthpháirtíochta Éire Tíomór Thoir chun tacaíocht a iarraidh orm agus choinnigh muid i dteagmháil lena chéile maidir leis an gceist sin i gcaitheamh na mblianta.
Tugadh aitheantas don mhéid nach beag a baineadh amach le Feachtas Dlúthpháirtíochta Éire Tíomór Thoir mar cheann de na héachtaí is éifeachtaí ar fud an domhain ag rialtas Phoblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir tar éis di neamhspleáchas a bhaint amach agus bhí ról lárnach ag Tom san obair sin, lena n-áirítear rialtas na hÉireann a ghríosú ról a ghlacadh maidir le bunú an daonlathais, ról a bhfuil moladh ag dul dó. Mar aitheantas ar an tionchar dearfach a bhí ag ETISC i dtaca le tacú leis an troid a rinne muintir Thíomór Thoir ar son an neamhspleáchas, bhronn an tUachtarán Taur Matan Ruak Bonn Uachtaráin ‘Ord Thíomór Thoir’ ar ETISC.
Bhí ceangal láidir idir Tom agus Tíomór Thoir in imeacht na mblianta, agus chaith sé tamall fada ina chónaí agus ag obair ann agus tá mé deimhin de go mbeidh meas ag daoine ansin i gcónaí ar an méid a rinne sé agus agus ar an oidhreacht a d'fhág sé acu, agus is sa Tíomór a tugadh uaigh dó i measc ‘laochra na Réabhlóide’.
Gabhaim comhbhrón ó chroí le muintir Tom, lena chomhghleacaithe agus cairde go léir ar fud an domhain."