Statement by President Higgins on the death of Tim Robinson
Dáta: hAo 3rd Aib, 2020 | 18:27
“Ba chúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Tim Robinson, scríbhneoir, maisitheoir, ealaíontóir, matamaiticeoir, cartagrafaí agus comhalta d’Aosdána.
Is pianmhar, go háirithe dá mhuintir agus dá chiorcal leathan cairde, scéala a bháis a chloisteáil agus é ag teacht go luath i ndiaidh bhás a mhná, Mairéad.
Tá an-mheas agam ar shaothar Tim le fada an lá, óna mhapaí iontacha de chuid Folding Landscapes, go dtí a thriológ dhochreidte faoi Chonamara agus na himleabhair Stones of Aran, agus bhí sé de phribhléid agam a chuid oibre a phlé leis ar roinnt ócáidí agus d’fhás m’ómós domhain don fhear a bhí taobh thiar de na saothair chumasacha seo.
Cuimhneofar air as a thuiscint dhomhain ar thírdhreach, ar oidhreacht agus ar mhuintir Chonamara, Bhoirne agus Oileáin Árann agus a ghrá dóibh, rud a chuidigh leis an oiread sin a nochtadh, ar shlí chomh mealltach sin, don tsúil nach raibh chomh hoilte, chomh tuisceanach ná chomh comhbhách sin.
Ba scoláire a bhí in Tim Robinson a roinn a thuiscint dhomhain ar a thimpeallacht, agus a rinne iarracht aird a tharraingt ar luach domheasta an dúlra agus ar na bagairtí ar ár n-oidhreacht teangeolaíochta, chultúrtha agus fhisiciúil.