Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Aga Khan
Dáta: Céa 5th Fea, 2025 | 15:58
“Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh ar bhás Aga Khan IV, an Prionsa Karim Al-Husseini.
Mar cheannaire reiligiúnach na Moslamach Ismaili, agus mar dhaonchara tiomanta, d’fhág an Aga Khan lorg uathúil ina dhiaidh, go háirithe i gcúiseanna éagsúla cosúil leis an oideachas, an tsláinte agus an fhorbairt timpeall na cruinne.
Cuimhneofar ar an Aga Khan go sonrach anseo in Éirinn as an nasc a bhíodh aige leis an rásaíocht chapall agus leis an tseóléimneach, go háirithe de bharr nasc a mhuintire le Corn an Aga Khan, a bhronnfar gach bliain le linn Sheó Capall Átha Cliath.
Bhí áthas orm fáilte a chur roimh an Aga Khan go hÁras an Uachtaráin in 2018, nuair a thapaíomar an deis plé a dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le neartú an phobail i gcoitinne, ar mhaithe le caighdeán maireachtála na mbocht agus na bpobal imeallaithe a ardú.
Thug mé faoi deara an uair sin, tráth a raibh cuid mhaith de dhaoine ag tabhairt droim láimhe don streachailt, go ndearna an Aga Khan a dhícheall le dul i ngleic le bunchúis na coimhlinte, agus é ag cur chun cinn an phlé ilchultúrtha, an iolrachais agus stádas na mban.
Déanaim comhbhrón le Moslamaigh Ismaili timpeall na cruinne, le muintir an Aga Khan, agus lena chairde uile ar fud an domhain."