Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán O hUigínn ar bhás Pat McAuliffe

Dáta: Lua 1st Aib, 2019 | 20:22

“Beidh gach duine a bhfuil grá aige nó aici don spórt faoi bhrón ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh Pat McAuliffe.

Bhí sé soiléir do chách go raibh grá aige do spóirt, go háirithe an sacar agus an pheil Ghaelach, agus go raibh eolas as cuimse aige ar na cluichí agus ar na daoine a d’imir iad.

Ba mhór an meas a bhí air ag na daoine a bhuail leis i gCrois an Tornóra, i bPáirc Uí Chaoimh nó i bPáirc Musgrave.

Cuimhneoidh an iliomad daoine le gean ar a ghlór agus ar a thráchtaireacht ar leith.

 

Ba mhaith le Saidhbhín agus liom féin comhbhrón ó chroí á dhéanamh lena chlann, lena chomhghleacaithe agus lena chairde go léir.”