Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Pádraig Ó Snodaigh

Dáta: hAo 3rd Ean, 2025 | 16:00

Bhí fíorbhrón orm, i measc gach duine i ngluaiseacht na Gaeilge gan amhras, nuair a chuala mé faoi bhás Phádraig Ó Snodaigh.

Ba laoch ríthábhachtach é Pádraig Ó Snodaigh i ngluaiseacht na Gaeilge. Chaith sé a shaol ag caomhnú ár dteanga dhúchasach agus mar scríbhneoir agus gníomhaí ag cur litríocht na teanga i mbéal an phobail.

Ba inspioráid é Pádraig chuig ‘chuile dhuine a raibh suim acu sa Ghaeilge, agus spreag obair a shaoil grá don teanga ‘s chultúr mar aon i slua mór daoine.

Bhí sé mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge sna 1970aidí, áit a bhunaigh sé Siopa Leabhair Conradh na Gaeilge. Ó 1970 go 1973 bhí sé féin agus Mícheál Ó Bréartúin mar chomh-eagarthóirí ar an irisleabhar Gaelach Pobal a bhí dírithe ar chúrsaí reatha.

Níos déanaí sna seachtóidí bhí sé ina eagarthóir ar irisleabhar oifigiúil an Chonartha Cheiltigh, Carn. I 1980, bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim, agus ó shin foilsíodh gar go 2,000 leabhar trí Ghaeilge.

Ba phribhléid é a bheith mar chara Phádraig agus a bheanchéile Clíodhna Cussen, atá básaithe. Is cuimhin liom cé chomh cabhrach a raibh an beirt acu i mbunú gluaiseacht teilifíse Gaelach. Bhí Pádraig go mór ar son shaibhreas agus neart na Gaeilge mar theanga bheo, agus is caillteanas ollmhór do chách a oibríonn ar son chur chun cinn na teanga. Is cinnte go bhfágfaidh a obair ar son phobal na hÉireann leagáid sheasmhach do na glúnta atá le teacht.

Seolaim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón do theaghlach Phádraig, chomh maith lena mhic, Aengus, Rossa, Rónán, Colm, Cormac and Fergus.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.