Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Phádraic de Bhaldraithe
Dáta: Mái 9th Iúi, 2024 | 15:44
“Údar fíormhór bróin dom a chloisteáil faoi bhás mo sheanchara Pádraic de Bhaldraithe.
Bhí Pádraic ar dhuine de na cáirde ab fhearr a bhí agam ón uair go raibh muid beirt mar mhic léinn iarchéime in Ollscoil na Gaillimhe agus b’iontach go deo an cara é.
Bhí sé ina dhúchas a bheith cairdiúil agus dúil aige sa chomhluadar. Dá réir sin bhí sé lán le haoibhneas, greann agus fíorchúirtéiseach ar gach ócáid. Ba i réimse an oideachais a shaothraigh sé a bheatha mar mhúinteoir, mar chigire agus mar scrúdaitheoir ar feadh cuid mhór dá shaol, ach bhí a chroí agus a anam gan srian freisin i réimsí eile den saol – go háirithe sa cheol traidisiúnta, sa tseoltóireacht agus i gcosaint na mara.
Bhí sé fíorghníomhach sa ghrúpa a thugann a gcuid ama go deonach ag faire amach do bheatha na farraige, an míol mór agus na deilfeanna san áireamh. Thuig sé go maith tabhacht na mara agus a thabhachtaí agus atá sé cosaint a thabhairt do na farraigí agus do gach a mhaireann iontu.
Bhí suim ar leith aige ar feadh a shaoil sa cheardaíocht a bhaineann le tógáil báid, go speisialta na báid thraidisiúnta ar chósta an iarthair agus is iomaí turas eachtrúil farraige a rinne sé i húicéirí agus i mbáid eile sa bhaile agus i gcéin.
Bhí spéis ar leith aige i ngach gné de chás na teanga; bhí sé gníomhach i gcur chun cinn cearta teanga agus rinne sé obair mhór ar feadh na mblianta mar shaoraistritheoir.
Ba dhuine fial flaithiúil é Pádraic. Bhí mise ar dhuine acusin a fuair cúnamh, comhairle agus tacaíocht uaidh ar feadh na mblianta fada. Tá mé sásta go bhfuair mé deis cuairt a thabhairt air le fíorghairid ag tráth go raibh sé tinn. Is cinnte go mbraithfidh mé uaim go mór a chairdeas agus go mairfidh sé i mo chuimhne ar feadh i bhfad ar chuid mhór cúiseanna.
Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl do a bhean chéile Máire, do chlann agus do gharchlann Phádraic, dá dheartháireacha agus deirfiúracha, dá ghaolta eile agus dá chairde ar fad.”