Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Paddy Cole
Dáta: Céa 22nd Ean, 2025 | 21:27
"Le bás Paddy Cole, cailleadh duine de na laochra móra ó ré órga na seó-bhannaí in Éirinn.
Idir an Capitol Showband agus an dordfhuaim álainn, d’fhág Paddy Cole a rian ar an gceol agus ar an snagcheol ar aon, agus cuimhneofar air sna glúnta atá le teacht.
Ní thugtar a dhóthain aitheantais do ré na seó-bhannaí mar thréimhse shuntasach i stair na hÉireann.
Tá áiteanna ann in Éirinn a bhain cáil amach mar gheall ar na healaíontóirí a dtáinig astu. San áireamh anseo tá Baile na Lorgan, nó ‘Blayney’, fód dúchais Paddy.
Bhí ceol Paddy Cole den chéad scoth, lena snagcheol ar chaighdeán idirnáisiúnta, agus bhí an t-ádh ar Shaidhbhín agus orm fhéin é a bheith mar chara dil againn.
Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le Helen, bean chéile Paddy, lena pháistí Pat, Pearse agus Karen, agus lena mhuintir, lena chomhcheoltóirí agus lena ghrúpa mór cairde."