Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Mikis Theodorakis

Dáta: Déa 2nd Meá, 2021 | 14:32

“Bhí an-bhrón orm a chloisteáil faoi bhás Mikis Theodorakis, cumadóir, liriceoir, polaiteoir, agus ealaíontóir a raibh nasc dochloíte, uathúil idir é féin agus scéal na Gréige.

Cuimhneofar air, ní hamháin mar dhuine de na cumadóirí Gréagacha ab fhearr riamh, ar éirigh lena cheol taisteal ar fud na cruinne, ach mar gheall ar an ról a ghlac sé le daonlathas na Gréige a chosaint le linn dá thír a bheith faoi riail mhíleata.

Ghoill a thaithí leis an bpríosúnacht, an céasadh agus an loingeas le linn an Dara Cogadh Domhanda, cogadh cathartha na Gréige agus arís sna 1960í faoi Réimeas na gCoirnéal go mór air, agus bhain Mikis Theodorakis úsáid as a chuid oibre lena phaisean agus dúthracht don tír a raibh a chroí istigh inti a léiriú. Tá an tír sin ag caoineadh a bháis inniu.

Ba é a chóiriú ar ‘The Laughing Boy’ le Brendan Behan ceann de na saothair ba cháiliúla dá chuid, ar léiríodh mian mhuintir na Gréige saoirse agus daonlathas a bhaint amach ann, mar aon lena streachailt in aghaidh deachtóireacht mhíleata.

Cailliúint ollmhór is ea bás Mikis Theodorakis don Ghréig agus do gach duine a bhfuil cion acu ar a thír. Déanaim comhbhrón ó chroí le muintir na Poblachta Heilléanaí”.