Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Michael Viney

Dáta: Céa 31st Bea, 2023 | 17:22

Mar aon le lear mór daoine timpeall na tíre a raibh tionchar ollmhór ag a saothar iontach orthu, bhí an-bhrón orm a chloisteáil faoi bhás Michael Viney.
 
Mar a dúirt mé ar dheireadh seachtaine a 90ú breithlae, gan ach cúpla mí ó shin nuair a scríobh sé a cholún deireanach ‘Another Life’, san Irish Times tar éis 46 bliana, tá ionchur eiseamláireach déanta ag Michael Viney trí aird mhuintir na hÉireann a tharraingt ar shaibhreacht an tsaoil nádúrtha.
 
Trína chuid oibre iriseoireachta, mar aon le saothar a mhná chéile cumasaí, Ethna Viney, thug a shaothar iriseoireachta sásamh do lear mór daoine tríd na glúnta – bíodh sin sa teicneolaíocht nó sa tírdhreach.
 
Anuas ar a scríbhneoireacht sheachtainiúil agus a líníochtaí tionlacain ina cholún ‘Another Life’, tá sé fóirsteanach freisin go gcuimhneofar air trína chuid oibre ag taisteal fud fad Thuaisceart Éireann i 1964, chomh maith le, go háirithe, a iniúchadh ceannródaíodh ar bhrúidiúlacht sna scoileanna institiúideacha agus athshlánaitheacha.
 
As has already been noted, these will remain a vital historical record of the fact that many of these wrongs were committed in full public view, and sadly with the complicity of inaction on the part of so many.
 
Aireofar go mór é.
 
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Michael, Ethna, lena iníon Michele, agus leo siúd ar fad ina bhaile uchtaithe i gCo. Maigh Eo agus lena theaghlach agus lena chairde uile.