Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Matt Murphy
Dáta: hAo 7th Már, 2025 | 20:55
"Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom mo bhrón a léiriú ar bhás Matt Murphy, a bhí ina chomhbhunaitheoir, in éineacht lena bhean chéile Eileen, nach maireann, ar Stáisiún Mara Inis Arcáin.
Bhí Matt agus Eileen Murphy i measc na gcéad daoine in Éirinn a tharraing aird ar thábhacht cúrsaí mara agus freagracht éiceolaíochta nuair ba bheag deis a bhí ann a leithéid de cheisteanna mar seo a ardú agus a phlé.
Chomh maith le bheith ar cheann de na guthanna is luaithe agus is tábhachtaí maidir le freagracht éiceolaíoch, leag Matt béim ar na saincheisteanna seo a phlé lasmuigh den saol acadúil agus oideachas poiblí a thógáil.
Is mar thoradh ar obair mhór Matt agus Eileen a bhfuil tuiscint anois ag na céadta daoine ar thábhacht na farraige, ar an ngéarchéim éiceolaíochta agus ar an ngá atá ann meas a léiriú ar an nádúr.
Déanaim comhbhrón ó chroí le clann Matt, Matty, Michael, Susan, Mark, Robbie, Peter agus Audrey, lena mhuintir, agus lena chomhghleacaithe agus a chairde ar fad."