Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Mary McPartlan

Dáta: Lua 6th Aib, 2020 | 13:57

“Is cúis mhór bhróin dom agus do Shaidhbhín a chloisteáil gur bhásaigh cara dílis, Mary McPartlan, stiúrthóir ceoil, craoltóir agus duine de na hamhránaithe traidisiúnta is fearr in Éirinn.

Tá oidhreacht ealaíne bhuan fágtha aici. 

Bhí páirt thábhachtach aici i dtionscnaimh go leor, ina measc an seó ceoil FLOSC ar  TG4 agus bunú Ghradam Ceoil Thraidisiúnta Náisiúnta. 

Bhí sí ina ball bunaidh agus ina léiritheoir ar an gcompántas amharclannaíochta Skehana i nGaillimh, ar an gclub amhránaíochta Riabhóg i nGaillimh, ar Chompántas Amharclannaíochta Óige na Gaillimhe agus Glór, Ionad Náisiúnta Ceoil na hÉireann in Inis.  

Bhí eolas ar leith aici ar stair cheol, amhránaíocht, dhamhsa agus chultúr na hÉireann agus thug Mary McPartlan mothúcháin agus comhbhá léi go fírinneach agus í ag amhránaíocht. Bhí an-aird ar a céad albam, ‘The Holland Handkerchief’ agus thuill sí cáil mar dhuine de na hamhránaithe traidisiúnta is fearr dá linn, agus bhí cuid mhaith amhrán, amhail ‘Wild Mountain Side’, a tharraing cáil uirthi. Bhí bealach ar leith aici chun áit, stair agus mothúchán sna hamhráin a chruthú. 

Bhí mé féin agus Saidhbhín i measc an iliomad daoine a raibh sé de phribhléid againn ár gcara a thabhairt uirthi agus aireoimid go léir go mór uainn í. 

Maidir liom féin, beidh cuimhne mhaith agam i gcónaí ar an gcamchuairt a thug mé léi agus ar an gcanadh a rinne sí in ómós do Victor Jara ag na cúig ghig a rinneamar le chéile in 2011 i Liatroim, Dún na nGall, Cill Mhantáin agus Ciarraí; a comhluadar iontach; agus níos déanaí bhí an-mheas agam uirthi agus ar a crógacht, í dochloíte, an caillteanas agus an anachain á sárú aici le huaisleacht croí agus le neart na daonnachta a bhí riamh ina cuid amhránaíochta agus ina saol. 

Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl do Paddy, Mairéad, Meabh agus do chlann Mary ar fad agus dá cairde, agus dóibh siúd go léir a d’oibrigh léi agus a roinn a hionchur sárluachmhar ar leith do chultúr na hÉireann léi. 

Síocháin shíoraí dá hanam lách uasal.”