Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Kim Damti

Dáta: Céa 11th Dei, 2023 | 23:00

"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an saoránach Éireannach-Iosraelach Kim Damti.
 
Is uafásach na cúinsí a bhain lena bás agus í tar éis taisteal chun freastal ar fhéile cheoil.
 
Ní hamháin sinne ar tuismitheoirí sinn, ach gach duine atá den tuairim gur cheart go mbeadh daoine óga ábalta freastal ar imeachtaí i gcuideachta a gcuid piaraí faoi bhail shábháilte, beidh uafás orthu gur bhásaigh duine óg mar sin. 
 
Cuireann bás Kim i gcuimhne dúinn arís gur sárú scannalach an dlí bhunúsaigh idirnáisiúnta i gcúinsí coimhlinte atá i gceist le díriú ar shibhialtaigh ar an gcaoi sin.
 
Déanaim comhbhrón ó chroí le muintir Kim, lena cairde agus leo siúd go léir ar roinn sí a saol leo.
 
Suaimhneas síoraí dá hanam.”