Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Ken Bruen
Dáta: Lua 31 Már, 2025 | 17:03
“Is mian liom mo chomhbhrón a léiriú ar bhás tobann an scríbhneora Ken Bruen.
Ba scríbhneoir cumasach ab ea Ken a raibh a shaothar aitheanta ní hamháin ag a lucht leanúna, ach ag a phiarghrúpa chomh maith, cuir i gcás Duais Shamus a bronnadh air do Úrscéal Coireachta na Bliana. Anuas ar a chuid scríbhneoireachta féin, bhí Ken an-tacúil do scríbhneoirí eile trí cheardlanna a reáchtáil.
Is mian liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean chéile Ken, Philomena, lena iníon, Grace, agus lena ghrúpa mór cairde agus gaolta, chomh maith lena chomhscríbhneoirí agus a léitheoirí in Éirinn agus thar sáile."
