Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Jon Kenny
Dáta: Sat 16th Sam, 2024 | 16:11
"Beidh an-bhrón ar go leor daoine inniu, go háirithe iad siúd a bhain sult agus taitneamh faoi leith as a chuid grinn, ar chloisteáil scéala báis Jon Kenny dóibh.
Bhí bua iontach, nádúrtha don ghreann aige agus é ar a chumas aige gáire a bhaint as an lucht féachana leis an ngluaiseacht is lú. Spreag Jon an oiread sin lúcháir agus gáire as a chuid oibre le Pat Shortt agus é mar leath de na D'Unbelievables. Bhí an-tóir ar Jon i measc a chomhghleacaithe go léir, agus do Pat Shortt go háirithe, is cailliúint dochreidte a bheidh ann dá pháirtí i ngnó na siamsaíochta.
Ina shaothair aonair agus eile – a chuid oibre eiseamláireach mar aisteoir ar an ardán agus ar an scáileán san áireamh – d’fhág Jon Kenny saothar cuimsitheach ina dhiaidh a mbeidh cion ag pobal na hÉireann air.
Ba chuid de fhlaithiúlacht a charachtair é gur labhair sé faoina chuid deacrachtaí meabhairshláinte féin. Léirigh sé an cineáltas agus an greann a bhí aige, agus thug sé inspioráid dóibh siúd a bhí ag fulaingt lena gcuid tinnis féin.
Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean chéile Jon, Margie, lena pháistí Leah agus Aaron agus lena theaghlach, a chairde agus lena chomhghleacaithe ar fad.
Aireofar go mór é."