Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Joan Jara

Dáta: Mái 14th Sam, 2023 | 17:28

“Beidh go leor daoine fud fad na cruinne faoi scamall an bhróin ar chloisteáil dóibh faoi bhás Joan Jara, baintreach an amhránaí agus an fhile Shiligh, Victor Jara, ar mharaigh fórsaí Augusto Pinochet é, tar éis do Salvador Allende a bheith curtha as cumhacht 50 bliain ó shin.  

Ba mhór an onóir í domsa cuireadh a fháil go seoladh leabhar Joan, “An Unfinished Song: The Life of Victor Jara”, i Halla na Saoirse, chomh maith leis an deis labhairt léi ag an ócáid chéanna. Rinne mé cur síos ar an saothar mar leabhar láidir, a chinnteoidh nach ndéanfaí dearmad ar scéal shaol Victor san amhránaíocht, agus san achrann, choíche. 

Cé gur trí mheán shaothar Pablo Neruda a bhfuil an chuid is mó de dhaoine tar éis foghlaim faoi fhilíocht na Sile- sa tír í féin, is trí amhráin agus taibhithe Victor Jara a thug cluas éisteachta do ghuth na ndaoine an chéad lá riamh.  

Is cuimhin liom go maith leabhar Joan a léamh agus mé ag taisteal chun na Sile mar bhreathnóir idirnáisiúnta i bpobalbhreith 1988, a raibh deireadh deachtóireachta míleata, faoi cheannaireacht an Ghinearáil Pinochet, mar thoradh uirthi. 

Tugadh cuntas sa leabhar ar an drochíde uafásach a rinne céasadóirí Pinochet sa staid, cuir i gcás nuair a briseadh méara Victor go poiblí, de bharr go raibh sé ina amhránaí. Ní dheachaigh leabhar Joan i ngleic le cás Victor mar chás ann féin, ach mar eiseamláir de thaithí mhuintir na Sile i gcoitinne ar an bhfulaingt. 

I met Joan on that same 1988 visit in Santiago, to which she had returned after Victor’s death to continue her work in culture and particularly in dance.
Chas mé le Joan ar an gcuairt chéanna sin ar Santiago i 1988, nuair a d’fhill sí ar an gcathair tar éis bhás Victor le leanúint lena cuid oibre cultúrtha, sa damhsa go háirithe. 

Bhí sé de phribhléid agam bualadh léi arís in Santiago 24 bliana níos déanaí i mí Dheireadh Fómhair 2012, nuair a bhí ann deis agam, mar Uachtarán na hÉireann, bualadh léi, tar éis m’aithisc i Músaem Cuimhneacháin agus Cearta Daonna sa chathair chéanna. 

Trína saol ar fad, agus sna 50 bliain a chaith sí ar thóir na fírinne, léirigh Joan Jara an chumhacht agus an dínit a bhaineann le bheith tugtha do chúis na fírinne. 

Is maith an rud é go raibh sí ar an eolas sular cailleadh í faoi eiseachadadh duine bainteach le céasadh agus bás a fir chéile.

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le hiníonacha Joan, Amanda Jara agus Manuela Bunster, agus lena teaglach, a cairde agus a comhghníomhaithe timpeall na cruinne."