Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le bás Jennifer Johnston

Dáta: Céa 26th Fea, 2025 | 12:32

“Méala mór domsa, dála go leor eile, bás Jennifer Johnston,  comhalta de chuid  Aosdána. 

Ina saothar, idir úrscéalta agus drámaí, rinne Jennifer Johnston scrúdú domhain bríoch ar nádúr agus ar theorainneacha na féiniúlachta, an naisc teaghlaigh agus phearsanta le linn imeachtaí corraitheacha shaol na hÉireann san 20ú haois. 

 Is fiú a lua go raibh a saothar i gcónaí chun tosaigh ag an oiread sin dá comhscríbhneoirí, a d'aithin í mar dhuine de na húrscéalaithe is fearr de chuid na hÉireann. Agus é tughta chun cuimhe ag go leor acu gur mór an tionchar a bhí aici ar a saothar siúd. 

Bhí aitheantas on bpobal tuillte go maith aici nuair a bhain sí Gradam Gnóthachtála Saoil ag na Irish Book Awards in 2012. 

Agus is iomaí aitheantas a bronnadh ar a saothar roimhe sin, lena n-áirítear nuair a bhuaigh sí Duais Whitbread i 1979 le haghaidh ‘The Old Jest’ agus nuair a cuireadh ‘Shadows of Our Skin’ ar an ngearrliosta do Dhuais Booker i 1977.

Cuireann bás Jennifer Johnston i gcuimhne dúinn an oidhreacht thábhachtach a bhí mar chomhthéacs dá cuid oibre.  Iníon leis an aisteoir agus an stiúrthóir Shelah Richards, a chuir ar bhealach leithligh  le taibhealaíona agus scríbhneoireacht na hÉireann, agus an drámadóir agus comhfhreagraí cogaidh Denis Johnston, fágann Jennifer Johnston oidhreacht shuntasach ar chomhchéim leis na héachtaí a rinne an oiread sin ball dá teaghlach..  Áirítear ar na  héachtaí sin an méid atá bainte amach ag a sliocht féin, agus iad ag fágáil a lorg féin.

Gabhaim comhbhrón ó chroí le clann Jennifer Patrick, Sarah, Lucy agus Malachi, lena garchlann, agus lena muintir ar fad, cairde agus leo siúd go léir a raibh meas acu uirthi agus lena comhghleacaithe ar fud an domhain.”