Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Gemma Hussey
Dáta: Mái 26th Sam, 2024 | 20:21
"Is mian liom ómós a thabhairt don Uasal Gemma Hussey, nach maireann, mar atá déanta go deaslabhartha ag daoine eile.
Bhí Gemma Hussey ina feimineach dá saol ar fad, agus bhí sí mar ghníomhaí glórach ar son méadú ar líon na mban atá ag obair inár gcóras polaitíochta.
Agus í mar Aire Rialtais díograiseach, bhí sí ina heiseamláir den ról lárnach atá le himirt ag mná sa pholaitíocht.
Tar éis di scrúduithe cluastuisceana agus béil a thabhairt isteach, agus Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí a bhunú agus í ina hAire Oideachais, chuir sí athchóirithe fadtéarmacha i bhfeidhm ar bhain aos óg na hÉireann tairbhe astu sna blianta a lean.
Le linn a gairme ar fad, d’fhan sí dílis dá mianta i gcónaí agus thacaigh sí go mór le hathchóiriú sóisialta ag tráth nár glacadh go forleathan i sochaí na hÉireann lena cúiseanna ar fad.
Bhí réimse leathan spéiseanna aici. Is cuimhin liom, mar shampla, nuair a bhí an bheirt againn inár mball de Choimisiún Mhic Giolla Bhríde ar phríosúin na hÉireann, agus léirigh Gemma suim faoi leith i gcoireanna ar mhná.
Mar Chathaoirleach ar Chumann Polaitíochta na mBan, agus níos déanaí mar chomhbhunaitheoir ar Chónaidhm na mBan Eorpach, bhain sí leas as a cuid taithí le cuidiú le daoine eile a ngairmréim pholaitiúil a thógáil agus a fhorbairt.
Sna blianta a lean tar éis di saol na polaitíochta a fhágáil, lean Gemma Hussey uirthi mar thráchtaire géarchúiseach agus mar ghuth iontaofa, luachmhar ar an gcóras polaitíochta.
Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le clann Gemma, Rachel, Ruth agus Andrew, lena teaghlach, a cairde agus a hiar-chomhghleacaithe ar fad. "