Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás an Gharda Kevin Flatley

Dáta: Dom 11th Bea, 2025 | 18:48

"Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach, le comhghleacaithe agus le cairde an Gharda Kevin Flatley, a maraíodh inniu agus é amuigh ar dualgas i measc an phobail. 

Chaith an Garda Flatley a shaol gairmiúil ar fad ag freastal ar an bpobal agus ag cosaint bheatha na ndaoine. Bhí tionchar mór ag bás an Gharda Flatley ar an bpobal i gcoitinne mar gheall ar an dua seo, agus táim ag smaoineamh ar a mhuintir agus orthu siúd ar fad a raibh aithne agus cion acu ar an nGarda Flatley trína shaol ar fad. 

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal."