Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás don Athair Micheál Mac Gréil

Dáta: Sath 21 Ean, 2023 | 16:22

“Is cúis mhór bróin a bheidh ann dá chomhghleacaithe sna Staidéir Shóisialta, a raibh sé ar dhuine dá gceannródaithe in Éirinn, dóibh siúd a bhíonn i mbun feachtais ar son an chomhionannais agus ar son meas ar ár n-oidhreacht maidir leis an nGorta, agus do dhaoine ar fud Mhaigh Eo agus níos faide i gcéin, nuair a chloisfidh siad faoi bhás an Athar Micheál Mac Gréil, SJ.

Bhí tionchar mór ag Micheál Mac Gréil ar shaol an iliomad daoine, mar mhúinteoir ollscoile, mar fheachtasóir agus mar shagart.

Ar fud a chuid oibre go léir, chuir sé béim ar an tábhacht leis an bpráinn a bhain le haitheantas a thabhairt do cheisteanna na comhbhá sa chóir. Ba ghlór luath agus buan a bhí ann maidir leis an tábhacht le claontacht shóisialta a chloí. 

Bhí sé sin léirithe sa raon leathan cúiseanna ar thacaigh sé leo, amhail troid ar son chearta an Lucht Siúil, tacú leis an nGaeilge, le hathchóiriú príosúnachta, le díchoiriúlú na homaighnéasachta, agus le forbairt an réigiúin thiar.

Ina chuid foilseacháin iomadúla, chuir Micheál béim ar an ngá le socruithe bonneagair mar shlite chun pobail, teaghlaigh, saorálaíochas agus luachanna cultúrtha a neartú, seachas iad a bheith thíos leo.

B’fhear é a thug údaracht don tábhacht a bhain leis an saol a nascadh le luachanna, rud a mhúin sé don iliomad duine. Aireoimid uile a raibh aithne againn air uainn é.   

Déanaim comhbhrón ó chroí lena chomh-Íosánaigh, lena mhuintir agus lena chairde go léir.

Tá feachtasóir mór díograiseach caillte ag an nGaeilge.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis."