Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás iar-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá  George H.W. Bush

Dáta: Sat 1st Nol, 2018 | 10:49

"Beidh brón ar dhaoine in Éirinn ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh iar-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, George H.W. Bush. 

Cuimhneofar ar an Uachtarán George Bush mar gheall ar a shaol fada sa tseirbhís phoiblí ar son mhuintir na Stát Aontaithe agus mar Uachtarán a bhí i gceannas ar a thír le linn tréimhse ina raibh athruithe suntasacha ag tarlú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda, idir dheireadh na 1980idí agus lár na 1990idí – tréimhse dhúshlánach mhór i dtaca leis na hinstitiúidí iltaobhacha.  

Thug sé a chuid fuinnimh uile agus na luachanna ab ansa leis, tarraingthe óna chuid fréamhacha in Texas agus Massachusetts, go dtí an Uachtaránacht leis. 

Cuimhneofar freisin air mar gheall ar an neamhbhailbhe lena chur sé in iúl prionsabail a bheartas agus mar gheall ar a chuid iarrachtaí an caidreamh dépháirteach a bhaint amach.  

Ar son mhuintir na hÉireann, cuirim comhbhrón ó chroí in iúl dá chlann agus do mhuintir na Stát Aontaithe."