Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Eamon Murray
Dáta: Déa 26 Mei, 2025 | 15:33
"Ba mhaith liom mo bhrón a chur in iúl faoi bhás Eamon Murray.
Bhí Eamon ar dhuine de na seinnteoirí orgán béil is fearr in Éirinn, ag tabhairt le chéile saineolas agus tuiscint iontach, ní hamháin ina chuid oibre féin mar ealaíontóir aonair ach i mbannaí ar nós Blues House agus san fhuaim bhreise a thug sé do na healaíontóirí iomadúla a raibh sé ag comhoibriú leo thar na blianta."
Anuas ar a shaothar den scoth mar cheoltóir, a léirigh sé tríd an sacsafón agus mar amhránaí, chomh maith lena mháistreacht ar an orgán béil, d’fhág Eamon lorg ollmhór, in éineacht lena bhean chéile nach maireann Rynagh O’Grady, i dtógáil na seacht dteach adhmaid fráma-A ina raibh cónaí orthu i gCois Abhainn i nGrianán in aice le Ráth Droma.
Crónófar go mór é.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhac Eamon, Séamas, a bhean chéile Sinéad, a gharpháistí Toby agus Jake, agus dá theaghlach, a chairde agus a chomrádaithe ceoil”
