Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán ar chailleadh Dr. Mick Moloney

Dáta: Déa 28th Iúi, 2022 | 15:52

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom a rá gur le fíorbhrón ar chuala mé faoi chailleadh an cheoltóra agus scoláire Dr. Mick Moloney.

Ba Ollamh Céimiúil Domhanda é Dr. Moloney ag Teach Éireann Glucksman, Ollscoil Nua Eabhrac a raibh an-mheas air mar pháirt den Roinn Ceoil agus den Chlár Léann Éireannach. Ba chailliúnt mór é a bhás d’oidhreacht ceoil Éireann, do Ghael-Mheiriceá, agus do cheol Gaelach timpeall an domhain.

Sa bhliain 2013, ba mhór an áthas dom Gradam an Uachtaráin a bhronnadh ar Mick Moloney le haghaidh a chúnaimh eisceachtúil mar cheoltóir, scoláire agus bhéaloideasaí.

Chomh mhaith lena obair luachmhar le hOllscoil Nua Eabhrac, mhúin Mick béaloideas, léann Éireannach agus eitnea-ceolaíocht ag an Ollscoil Pennsylvania, Georgetown agus Villanova.

Ba pháirt chomhtháite é a ghrá don cheol in obair a shaoil agus mairfidh fláithiúlacht a spioraid ag roinnt a chumais agus a ainmhéine do cheol Gaelach agus chultúr mar pháirt dá n-oidhreacht shaibhir.

Seolaimse fhéin agus Sabina ár gcomhbhrón chun a chlainne, a chairde, a chomhghrátheoirí ceoil agus a mhac léinn ag an am gruama seo.

Suaimhneas síoraí dá anam.