Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Dhonncha Uí Dhúlaing

Dáta: Dom 5th Meá, 2021 | 14:13

Cuirfidh scéal báis Dhonncha Uí Dhúlaing, gan ach cúpla lá ó cailleadh a bhean chéile, Vera, brón ní hamháin ar a lucht éisteachta thar na blianta, ach ar ár nÉireannaigh thar lear agus a gclanna.

Agus é imithe ar shlí na fírinne, tá craoltóir mór le rá, a raibh an-mheas air, caillte ag Éirinn. Bhí sé ina bhall de ghlúin faoi leith craoltóirí agus iriseoirí ceannródaíocha a mhúnlaigh chraoltóireacht seirbhíse poiblí na hÉireann.

Is cuimhin liom cuairt aoibhinn a bhí agam leis anseo in Áras an Uachtaráin nuair a chuaigh sé ar scor.

Táimid go mór faoi chomaoin aige as a ionchur i gcultúr na hÉireann.

Bhí a ghrá don cheol agus don spórt Éireannach tógálach, agus chuir sé beocht agus fuinneamh ina chuid iriseoireachta, i gcláracha dála ‘Highways and Byways’ agus ‘Fáilte Isteach’, a d’fhág lorg domhain ar luchtanna féachana Éireannacha sa bhaile agus i gcéin.

Cuimhneofar air freisin don ghrá a bhí aige dá bhaile dúchais Corcaigh agus dá laochra agus traidisiúin, flaithiúlacht a spioraid agus a iarrachtaí seasta tacú le cúiseanna carthanachta éagsúla, a shiúlóidí cáiliúla ar son na cúise ina measc, inar spreag sé spiorad na háite agus an stair áitiúil. Beidh baint aige seo ar fad, agus i bhfad níos mó, lena ainm go deo.

Déanaim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí lena mhic le baill uile na teaghlaí sínte, mar aon lena ghrúpa mór cairde agus comhghleacaithe.