Statement by President Higgins on the death of Dolores O'Riordan
Dáta: Lua 15th Ean, 2018 | 17:36
Is oth liom a chloisteáil gur bhásaigh Dolores O’Riordan, ceoltóir, amhránaí agus cumadóir amhrán.
Bhí tionchar an-mhór ag Dolores O’Riordan agus The Cranberries ar rac-cheol agus popcheol in Éirinn agus thar lear.
Cuimhním le gean ar Theachta Dála Luimnigh, Jim Kemmy, nach maireann, agus é á cur i láthair i dteannta The Cranberries dom, agus ar an mbród a bhí aige agus ag an iliomad duine eile as a raibh bainte amach acu.
Is caillteanas mór a bheidh ina bás dá clann agus dóibh sin go léir a thugann tacaíocht do cheol na hÉireann, do cheoltóirí na hÉireann agus do na taibhealaíona.”