Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtarán Uí Uigínn ar bhás Deirdre Purcell

Dáta: Lua 13th Fea, 2023 | 17:09

"Bhí an-bhrón ormsa agus ar Shaidhbhín cloisteáil faoi bhás Deirdre Purcell, a chaith a saol i mbun réimse leathan oibre sna healaíona agus sa chraoltóireacht.
 
Le linn a saoil ghairmiúil chéimiúil, d’fhág Deirdre a rian ar ghnéithe éagsúla na litríochta agus na craoltóireachta -cosúil lena cuid oibre mar aisteoir in Amharclann na Mainistreach, a hiriseoireacht a raibh duaiseanna bainte aici, agus a tréimhse mar an chéad phríomhláitheoir nuachta baineann ar an Nine O’Clock News ar RTÉ, agus dar ndóigh a saothar clúiteach san fhicsean.

Cuimhneoidh a comhghleacaithe agus a cairde uirthi as a pearsantacht fháilteach, chruthaitheach. 
 
Cuimhním go háirithe ar thráthnóna amháin a chuir Deirdre Brendan Kennelly agus mé féin faoi agallamh don Sunday Tribune. D’fhág a pointeáilteacht agus a sárscileanna agallaimh lorg buan orm, agus is tréith í seo a bhfuil ardmholadh tuillte aici ó lucht a molta.
 
Thar ceann Shaidhbhín agus mé féin, déanaim comhbhrón ó chroí le fear céile Deirdre, Kevin Healy, lena mic Adrian agus Simon Weckler, lena muintir agus grúpa mór cairde."